Testo Seachrán Charn tSiail - Clannad

Seachrán Charn tSiail - Clannad
Informazioni sulla canzone In questa pagina puoi leggere il testo della canzone Seachrán Charn tSiail , di -Clannad
Nel genere:Музыка мира
Data di rilascio:19.08.2003
Lingua della canzone:irlandese

Seleziona la lingua in cui tradurre:

Seachrán Charn tSiail
Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom
Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mó
Tharla an ainnir as an taobh aniar dom
Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród
Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim
Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól
Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal
Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós
Bheannaíos féin go preab don mhaighdean
Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór
D’fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn
A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród
D’fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine
Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg
Go mb’annamh a chonaic sise sac ma éideadh
Ar fhear ag bréagadh cailín óg
Níl siúd áit ó íochar Fhanad
Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó
Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach
Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór
Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach
Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair
Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin
'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid
Bhí mé ar an Mhuine Mhór is i gCaisleán Cába
I mBaile Uí Dhalaigh is i Lios na Sciath
Bhí me i Muineachán agus ar an Ghráinsigh
Is ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain
Aréir a tharlaigh i nDroichead Átha mé
'S anocht atá mé fá Charn tSíail
'S anois más roghain leat ar fhearaibh Fáil mé
Seo mo lámh duit, bíom ag triall

Condividi il testo:

Scrivi cosa pensi del testo!

Altre canzoni dell'artista: